Artisan Perfumes Rooted in Irish Tradition

Cloon Keen is a uniquely Irish perfumer. In today’s fast-paced world, Cloon Keen conjures a sense of timeless place and enduring culture through its lyrical and poetic scents. 


Ireland is a tapestry of places whose names are steeped in association with history, nature, remembrance and myth. Cloon Keen takes its name from one of these places, with its origin in the Gaelic ‘Cluain Caoin', meaning ‘splendid meadow’.

Yet, sometimes place is more of a state of mind, an idea rather than a physicality. Is there a difference between where you’re born and where your heart lives?

Creating worlds

Belonging to a place is so much more than simply a point on a map to Cloon Keen founders Margaret Mangan and Julian Checkley. Canadian born, to Irish parents, Margaret grew up in Newfoundland. Julian is a set designer and model maker. They met in the West of Ireland, working on a film production. On set, they created worlds that help to tell a film’s story, worlds for people to believe in. Today, the same holds true of Cloon Keen’s perfumes and candles.

The right scent can create a world of its own, it can transport you, through imagination and memory, to the past, to a place – real or imagined, to a mood and a way of feeling. The inspiration for Cloon Keen is Ireland and, more specifically, Galway, Connemara and the West. What does it mean to be Irish? To be of, or belong to a country that has sent its people around the world, that has had a profound global influence through poetry, music and song?

From poetry to the scent of a moonlit meadow

The answers to questions of place and identity are both subtle and complex. Cloon Keen scents defy cliché. They speak of gentleness and lyricism, folklore and magic, suppression and rebellion, romance and determination. Its scents are steeped in tradition, and yet looking forward.

Just as language entwines people and place, perfume is allied with poetry, painting, books, a country lane, a moonlit meadow... Perfume bypasses the thinking mind, taking us directly to the core of memory and belonging. 

 And yet Cloon Keen also relies on craftsmanship.

Passion and craftsmanship

Everything is hand made in Galway. Oils come from renowned growers who share the same passion for place. They know how weather, soil and the seasons can all affect the scent of raw materials. This is part of the magic.

Cloon Keen evokes memories of Cluain Caoin, a splendid meadow, a place that is everywhere and yet nowhere. Always in mind, always tantalisingly out of reach. As times, names, and stories change, passion remains.

 
AWARDS

WINNER 2019 FRAGRANCE FOUNDATION 'BEST NEW INDEPENDENT FRAGRANCE'

WINNER 2019 IMAGE BUSINESS OF BEAUTY ‘MOST INNOVATIVE IRISH BRAND’

WINNER 2018 IRISH TATLER MAGAZINE 'BEAUTY AWARDS'

WINNER OF 2015 IRISH TIMES 'BEST SPECIALIST SHOP'

FINALIST 2015 FRAGRANCE FOUNDATION 'BEST NEW INDEPENDENT FRAGRANCE'

FINALIST 2014 FRAGRANCE FOUNDATION 'BEST NEW INDEPENDENT FRAGRANCE'

FINALIST 2014 FRAGRANCE FOUNDATION 'BEST NEW HOME FRAGRANCE'

FINALIST 2013 FRAGRANCE FOUNDATION 'BEST INDEPENDENT FRAGRANCE'

 

 

As Gaeilge

 

Cumhráin ón gCeardaí Fréamhaithe i dTraidisiún na hÉireann

Cumhradóir Éireannach amach is amach is ea Cloon Keen. I saol fuadrach na linne seo, cuireann Cloon Keen mothúchán d’áit bhuan agus de chultúr leanúnach ar fáil trína gcumhráin liriceacha agus fileata.Tá Éire ina gréasán d’áiteanna a bhfuil a n-ainmneacha bainteach go mór le stair, nádúr, cuimhne agus miotas. Tógann Cloon Keen a ainm ó cheann de na háiteanna sin, Cluain Caoin as Gaeilge, rud a chiallaíonn ‘móinéar nó cluain álainn réidh’.

Ach é sin ráite, is minic gur meon aigne a bhíonn in áit, smaoineamh seachas rud fisiciúil. An bhfuil difríocht idir an áit a rugadh tú agus an áit ina bhfuil do chroí?

Saolta a chruthú

Tá níos mó i gceist le bheith bainteach le háit ná pointe ar mhapa chomh fada agus a bhaineann le bunaitheoirí Cloon Keen, Margaret Mangan agus Julian Checkley. I gCeanada a rugadh Margaret, ach gur Éireannaigh iad a tuismitheoirí, agus d’fhás sí suas i dTalamh an Éisc. Dearthóir seiteanna agus mionsamhlóir is ea Julian. Bhuail siad le chéile in Iarthar na hÉireann le linn a bheith ag obair ar léiriú scannán. Ar an seit, chruthaigh siad saolta a chuidíonn chun scéal scannáin a inseacht, saolta a bhféadfaidh daoine creidiúint iontu. Anois, tá an rud céanna fíor i gcás na gcumhrán agus na gcoinnle atá ag Cloon Keen.

Tá an boladh cumhra ceart in ann saol dá chuid féin a chruthú, tá sé in ann tú a thabhairt leis, trí shamhlaíocht agus trí chuimhní, chuig áit – fíor nó samhalta – go dtí giúmar agus modh mothúcháin. Is í Éire an inspioráid atá ag Cloon Keen, Gaillimh, Conamara agus an tIarthar ach go háirithe. Cad a chiallaíonn sé a bheith i d’Éireannach? A bheith as, nó bainteach, le tír a bhfuil daoine seolta aici ar fud an domhain, tír a bhfuil tionchar ollmhór domhanda aici de bharr filíochta, a ceoil agus amhrán?

Ón bhfilíocht go dtí boladh móinéir faoi sholas na gealaí

Tá na freagraí a bhaineann le háit agus le haitheantas sotalach agus casta. Sáraíonn na bolaithe atá ag Cloon Keen an cliché. Insíonn siad duit faoi chineáltas agus liriceacht, béaloideas agus draíocht, cur faoi chois agus éirí amach, rómánsaíocht agus cinntiúchán. Tá a mbolaithe báite sa traidisiún, ach ag breathnú chun cinn ag an am céanna.

Ar an gcaoi chéanna a nascann teanga daoine le háit, téann cumhráin le filíocht, péintéireacht, leabhair, bóithrín tuaithe, móinéar faoi sholas na gealaí... Seachnaíonn an cumhrán intinn na smaointeoireachta, agus tugann siad díreach muid chuig croí na cuimhne agus an mhórtais áite.

Ach tá Cloon Keen ag brath ar an gceardaíocht chomh maith céanna.

Paisean agus ceardaíocht

Tá gach rud lámhdhéanta i nGaillimh. Tagann na holaí ó churadóirí aitheanta a roinneann an paisean céanna linn do mhórtas áite. Tuigeann siad cé mar is féidir leis an aimsir, an ithir agus na séasúir tionchar a imirt ar bholadh na n-amhábhar. Sin cuid den draíocht.

Músclaíonn Cloon Keen cuimhní de Chluain Caoin, móinéar álainn réidh, áit atá i ngach áit agus fós nach bhfuil in aon áit. I gcónaí san intinn, i gcónaí ar an imeall más ar éigin féin é. Fiú má athraíonn amanna, ainmneacha agus scéalta, fanann an paisean.